Cé go ndearnadh gach cúram réasúnta agus ábhar an tsuímh ghréasáin seo á thiomsiú agus á fhoilsiú, ní dhéanann Suíomh Gréasáin Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil aon uiríoll ná ní thugann sé aon bharánta, bíodh sé sainráite nó intuigthe, maidir le cruinneas nó oiriúnacht an eolais nó na n-ábhar atá san acmhainn seo.
Is ar phriacal iomlán an úsáideora a dhéantar rochtain ar an eolas atá ar an suíomh. Ní bheidh Comhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil freagrach, bíodh sé go díreach nó go hindíreach, in aon damáiste atá mar thoradh ar úsáid an eolais atá ar shuíomh Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil, nó atá intuigthe ón suíom.
Ní ghlacann Comhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil, ná aon cheann dá pháirtithe, dá shainchomhairleoirí, dá fhostaithe, ná chleamhnaigh nó aon ionadaíeile aon dliteanas dlí ná aon chineál eile dliteanais d'aon neamhchruinneas, d'aon earráid, d'aon mhíráiteas nó aon earráid eile d'aon chineáil atá ar an suíomh. Leis sin, tá Comhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil ag séanadh go foirmiúil aon dliteanas maidir leis na nithe atá thuasluaite.
Is eolas comhdhlúite agus ginearálta atá ar an suíomh seo agus d’fhéadfaí é a athrú ó am go ham. Ní cóir brath air, leis féin, nuair atáthar ag beartú ar chearta dlíthiúla nó ar chinntí eile.
Trí dhul ar aghaidh isteach ar Shuíomh Gréasáin Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil tá tú ag glacadh leis an séanadh seo. |