Baile | Scip. Nasc. | Rochtain / Cabhair | Mapa den Suíomh | Cuardaigh | Sonraí Teagmhála | Naisc    
 

Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil
(SICP)


www this site
Powered by
Google
 
English | Gaeilge  
  Baile > Rochtain / Cabhair
Picture of Hands

Cabhair Inrochtaineachta

Inrochtaineacht Suímh

Ag teacht le spriocanna eEurope ar inrochtaineacht, tá Rialtas na hÉireann tar éis moltaí a dhéanamh maidir le suímh Éireannacha; tugadh cuireadh don Údarás Náisiúnta Míchumais (NDA) monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sa réimse seo. Déantar treoirlínte WCAG (Web Content Accessibility Guidelines) a roinnt mar seo a leanas: seicphointí Tosaíochta 1, 2 agus 3. Mar íosriachtanas inrochtaineachta ní mór do shuímh Ghréasáin gach riachtanas do sheicphointí tosaíochta 1 agus 2 a chomhlíonadh. Má chomhlíonann suíomh Gréasáin riachtanais seichphointí tosaíochta 1 agus 2 deirtear go bhfuil an suíomh sin de réir WAI AA.

An aidhm atá againn ná feabhas a chur ar rochtain an tsuímh do dhaoine a bhfuil deacrachtaí fisiceacha agus foghlama acu, agus iarracht an suíomh a dhéanamh níos inrochtana dóibh siúd a bhfuil ríomhairí pearsanta nó cainéil chumarsáide ísealsonraíochta acu. Beimid ag déanamh tagarmhairc ar an suíomh go rialta ag baint úsáide as treoirlínte inrochtaineachta W3C/WAI chun an caighdeán AAA a bhaint amach, ach i láthair na huaire táimid ag leibhéal oiriúna AA.

Leagan Amach Leathanaigh agus Nascleanúint

Tá ceithre rannán ar gach Leathanach

Cuardach – Déan d'fhocal nó do fhrása cuardaigh a chlóscríobh agus lorgóidh ant-inneall cuardaigh torthaí do gach inneachar ábhartha ar an suíomh Gréasáin, PDF agus formáidí doiciméid eile san áireamh

Príomhnascleanúint ar barr – Naisc leis na príomhrannáin de Shuíomh Greásáin Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil. 

Fo-Nascleanúint – Nuair a roghnaíonn tú catagóir ar an bpríomhbharr roghchláir tá naisc fho-nascleanúna eile ar fáil don rannán sin

Naisc Bhreise ar gach leathanach  - Skic. Nasc (Scipeáil Nascleanúint, Baile, Teagmháil Linn, Mapa an tSuímh, Polasaí Príobháideachta.

Breisiúcháin Inrochtaineachta

Scip Nasc.(Scipeáil nascleanúint) – cnaipe ar bharr an tsuímh sa chúinne ar dheis a cheadaíonn don úsáideoir na naisc nascleanúna a scipeáil agus dul díreach chuig an gcéad chuid eile d'inneachar an tsuímh.

Íomhánna – Soláthraítear Malairt Téacs do gach íomhá agus do gach cnaipe cineáil íomhá agus do fho-nascleanúintí. Níl aon ghluaiseacht ná caochadh in aon cheann de na híomhánna. Soláthraítear téacs coibhéiseach do gach eilimint neamhthéacs.

Dath – Níl an suíomh ag brath ar dhath chun ábhar a chur in iúl. Tá dóthain codarsnachta sna híomhánna dóibh siúd a bhfuil radharc dhathuireasach acu.

Stílbhileoga - Is féidir gach doiciméad a léamh gan úsáid a bhaint as Stílbhileoga.

Teanga – Baintear úsáid as teanga shoiléir shimplí nuair is féidir. Seachnaítear béarlagair agus téarmaí teicniúla.

Socrú méide coibhneasta agus suí – tá sé seo in úsáid ar fud an tsuímh ach amháin i roinnt táblaí leagain amach a úsáideann dearbhshocrú méide. Tá an suíomh optamaithe le haghaidh taifeach 800x600 ag baint úsáide as dearbhthoisí.

Gléas Ionchurtha – Comhéadan neamhspleách ar ghléas, is féidir nascleanúint a dhéanamh tríd an suíomh ag baint úsáide as an méarchlár.

Scripteanna – Baintear úsáid as Javascript i roinnt áiteanna ar an suíomh. Sholáthraíomar malairt leagain nuair ab fhéidir d'úsáideoirí nach bhfuil cumas scripteála ag a ríomhaire. Níl sé seo indéanta, áfach, lenár n-inneall cuardaigh. Bhaineamar úsáid as eilimint neamhscripte chun é seo a chur in iúl d'úsáideoirí.

Meiteashonraí – Le haghaidh comhsheasmhachta agus éascachta úsáide, tá caighdeáinDublin Core Metadata in úsáid ar fud an tsuímh.

Féach nasc le haicearraí méarchláir thíos


Aicearraí Méarchláir le haghaidh úsáid an Bharra Seoltaí


Aicearrai Méarchláir chun amharc .....

 

Teil: + 353 1 4545385     Faics: + 353 1 4545553
Ríomhphost: andreahogan.sicp@mailm.hse.ie or janicekearns.sicp@mailm.hse.ie

Valid HTML 4.01 Transitional
Valid CSS!
 
Site Designed & Developed by Health Service Executive - SSER
eServices Department