Seo Ráiteas Príobháideachta Chomhpháirtíocht na hIonchathrach Theas i gCúram Príomhúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Baineann an ráiteas seo leis na cleachtais phríobháideachta a ghabhann leis an suíomh Gréasáin seo. Níl aon fhreagracht orainn i leith ábhar ná cleachtais phríobháideachta suímh Ghréasáin eile. Cuirtear in iúl go soiléir ar an suíomh más nasc atá ann le haon suíomh gréasáin seachtrach. Is féidir míniú a fháil ar roinnt de na téarmaí teicniúla ag bun an leathanaigh seo.
Ráiteas Ginearálta
Tá meas iomlán ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSe) ar do cheart príobháideachta, agus ní bhaileoidh an Fheidhmeannacht aon eolas pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan lánchead a fháil uait roimh ré. Más rud é go roghnaíonn tú eolas a chur ar fáil don HSE pléifear leis an eolas sin faoi rún agus ag baint úsáide as na caighdeáin slándála is airde, ag feidhmiú go docht de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Bailiú agus úsáid eolais phearsanta
Ní bhaileoidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sonraí pearsanta fút ar an suíomh seo, seachas eolas a roghnaíonn tú a chur ar fáil (mar shampla má sheolann tú ríomhphost chugainn). Ní chuirfear aon eolas a chuireann tú ar fáil dúinn ar fáil d'aon tríú páirtí, agus ní bhainfidh HSE úsáid as ach ar an gcuspóir a bhain leis an eolas sin a chur ar fáil ar an gcéad dul síos.
Bailiú agus úsáid eolais theicniúil
Ní bhaineann an suíomh Gréasáin seo úsáid as fianáin, ach amháin fianáin shealadacha "seisiúin" a chuireann ar chumas brabhsálaí Gréasáin an chuairteora cuimhneamh ar an leathanaigh ar an suíomh Gréasáin ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Is féidir le cuairteoirí úsáid a bhaint as an suíomh Gréasáin seo gan dochar a dhéanamh d'fheidhmiúlacht a gcórais má dhéantar fianáin a dhíchumasú ón mbrabhsálaí Gréasáin.
Coimeádtar loga de na sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna ar an suíomh Gréasáin seo ar mhaithe le cuspóirí staitisticiúla. Ní bhailímid aon eolas a d'fhéadfadh muid a chur ar an eolas faoi aitheantas an duine (i.e. cé hiad féin) atá ag tabhairt cuairte ar an suíomh Gréasáin. Ní dhéantar logáil ach ar na sonraí teicniúla seo a leanas:
- seoladh IP fhreastalaí Gréasáin an chuairteora
- ainm an fhearainn barrleibhéil atá in úsáid (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
- an seoladh suímh Ghréasáin a d'úsáid an cuairteoir chun teacht orainn roimhe seo, aon téarma cuardaigh a úsáideadh san áireamh
- sonraí clickstream a léiríonn trácht cuairteora ar an suíomh Gréasáin trí chéile (mar shampla leathanaigh a ndearnadh a rochtain agus cáipéisí a íoslódáladh)
- an cineál brabhsálaí Gréasáin ar bhain an cuairteoir Gréasáin úsáid as.
- an Córas Oibriúcháin ar bhain an cuairteoir Gréasáin úsáid as.
Ní dhéanfaidh HSE aon iarracht a fháil amach cérbh iad na cuairteoirí, ná ní dhéanfaidh an HSE iarracht aon cheann de na sonraí thuas a cheangal le haon duine ar leith. Tá sé mar pholasaí ag an HSE gan eolas teicniúil dá leithéid a nochtadh maidir le haon chuairteoir Gréasáin ar leith d'aon tríú páirtí, mura bhfuil sé de cheangal ar an HSE déanamh amhlaidh toisc riail an dlí. Ní bhainfidh ach an HSE úsáid as an eolas teicniúil, agus is ar mhaithe le cuspóirí staitisticiúla agus riaracháin amháin a bhainfear úsáid as. Ní mór duit a mheabhrú nach bhfuil sonraí teicniúla, nach féidir linn a aithint le haon duine ar leith, ina "sonraí pearsanta" chun críche na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.
Gluais de Théarmaí Teicniúla a úsáideadh
brabhsálaí gréasáin
Bogearra a úsáidtear chun leathanaigh Ghréasáin a léamh, mar shampla Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.
seoladh IP Na sonraí aitheantais a bhaineann le do ríomhaire (nó le ríomhaire do chomhlacht idirlín), a chuirtear in iúl sa chód "prótacal idirlín" (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP ar leith ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an nGréasán, cé go mb’fhéidir nach mar a chéile a bheidh an seoladh gach uair a cheanglaíonn tú.
fianáin
Blúirí beaga eolais, a stóráiltear i gcomhad téacs simplí, a chuireann suíomh Gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an suíomh Gréasáin na fianáin a léamh dá réir nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh sin athuair. Féadfaidh an t-eolas atá stóráilte i bhfianán baint a bheith aige le do nósanna ar leathanach ar leith ar an suíomh, nó baint a bheith aige le huimhir aitheantais ar leith ionas gur féidir leis an suíomh Gréasáin "cuimhneamh" air an chéad uair eile a thugann tú cuairt ar an suíomh. Is é sin le rá, níl aon eolas pearsanta sna fianáin, ar féidir an duine a aithint tríothu, mura bhfuil tú tar éis a leithéid d'eolas a chur ar fáil tú féin ar an suíomh Gréasáin. |